logo unesco  dublin

Home Dublin Writers Being a writer in Dublin

A bheith i do Scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath

Aideen CarrollEamonn LynskeyClaire KilroyThom MooreNuala Ní Chonchúir

Is cathair do scéalaithe é Baile Átha Cliath, agus bíonn mórán scríbhneoirí ag breacadh síos a gcuid scéalta   le foilsiú i gcás cuid acu, ach bíonn scéalta eile nach bhfoilsítear iad. Tá saol na scríbhneoireachta beo bríomhar i mBaile Átha Cliath & idir máistir-ranganna sa scríbhneoireacht chruthaitheach sna hollscoileanna agus grúpaí áitiúla a bhíonn ag scríobh ar mhaithe le caitheamh aimsire. Tá filíocht, prós, drámaí, scannáin, scripteanna teilifíse agus raidió i measc thorthaí na scríbhneoireachta seo, agus spreagtar an scríbhneoireacht le raon leathan dámhachtainí agus duaiseanna

Tugann roinnt scríbhneoirí, idir daoine a bhfuil saothar foilsithe acu agus nach bhfuil a gcuid smaointe maidir le bheith mar scríbhneoir i mBaile Átha Cliath sa 21ú haois.

Cad a cheapann tusa?

Niamh Bagnell

"…Táim sáite sa scríbhneoireacht le tamall maith anois i mBaile Átha Cliath. Tá an oiread fóram ag scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath chun a gcuid saothar a roinnt le chéile, agus chun scríbhneoirí a fheiceáil ag roinnt le chéile... measaim dá bhrí sin gur cathair liteartha é Baile Átha Cliath i ndáiríre... Tá bís ar dhaoine scéalta a insint, tá siad ar thóir áilleachta, dóchais agus beochta sa chathair agus tá borradh faoi sin gach uile lá, agus sásamh acu as ar bhealaí níos bríomhaire ná riamh. Casfar duine ort lá nó oíche i mBaile Átha Cliath a bhfuil saorstíl aige nó aici, chomh maith le scríbhneoirí nua, agus scríbhneoirí gairmiúla sa litríocht agus iad ar bís ag cur lena gcuid ealaíne agus leis an gcathair."

Nóta faoin Údar: Scríobhann Niamh Bagnell filíocht agus ficsean, foilsíodh saothar dá cuid in Night & Day, díolaim filíochta 2008 Dermot Bolger, agus san iris filíochta Whitehouse Revival, chomh maith le bheith ina hóstaí ar seó raidió seachtainiúil bunaithe ar an scríbhneoireacht ar Liffey Sound. Tá léamha déanta aici freisin mar chuid den tsraith Lonely Voice Introductions sa Lárionad Scríbhneoirí do scríbhneoirí ficsin nua i mbliana. Tá píosaí léite aici ag raon leathan d’Oícheanta Cultúir Bhaile Átha Cliath lena n-áirítear Seisiúin Glór, Brownbread Mixtape agus Nighthawks.

 

Alma Brayden

"Bíonn reacaireachtaí poiblí ar siúl i mBaile Átha Cliath go minic agus an-tóir ag an bpobal orthu. Tá suim ag daoine sa Téatar agus spéis mhór ag daoine i bhfilíocht agus i bprós. Is dócha go bhfuil sé seo amhlaidh de bhrí go raibh agus go bhfuil an oiread scríbhneoirí den scoth againn... Tá muintir Bhaile Átha Cliath mórtasach as an oidhreacht uasal a d’fhág leithéidí James Joyce, Samuel Becket, W.B. Yeats, Bernard Shaw agus daoine eile nach iad... Tá an scríbhneoireacht chruthaitheach i gcroílár saol Chathair Bhaile Átha Cliath."

Nóta faoin Údar: Is ealaíontóir agus file í Alma Brayden. Tá a cnuasach nua filíochta, "Prism" díreach foilsithe ag Seven Towers Publishing. Tá a saothar le feiceáil i gcuid mhaith díolaimí, nuachtán agus irisí. Tá reacaireacht déanta aici ar East Coast Radio agus sa Mermaid Theatre, i mBré. Is ealaíontóir clúiteach í agus tá sí ag múineadh scoile i gceantar Dheilginse agus Chuas an Ghainimh áit a bhfuil líon mór taispeántas aici.

Aideen Carroll

"Is cuid de Bhaile Átha Cliath í an litríocht, tá sí mórthimpeall orainn. Thug na daoine, na foirgnimh, na sráideanna, na hainmneacha agus na háiteanna ina bhfuil saothar Joyce, O'Casey, Yeats, Beckett, Swift, Synge, Behan, Kavanagh agus daoine nach iad clú do litríocht na hÉireann, agus léirigh siad meas uirthi, agus ómós go hidirnáisiúnta di. Níl aon amhras ach gur íomhánna íocónacha iontu féin iad roinnt dár scríbhneoirí. Ar deireadh, an trí thimpiste a tharla sé gur ó Gulliver's Travels a fuair an t-inneall cuardaigh YAHOO a ainm"

Nóta faoin Údar: Rugadh Aideen Carroll i mBaile Átha Cliath agus tá beathaisnéis foilsithe le déanaí aici faoin gCeannasaí Briogáide i gCogadh na Saoirse agus aire rialtais Fhianna Fáil, Seán Moylan. (Seán Moylan - Rebel Leader Mercier Press, Cork).

Eileen Casey

"Creidim go n-éiríonn le scríbhneoir ina ghairm bheatha, fiú amháin le linn géarchéime mar atá sa tír faoi láthair, má tá sé sásta oibriú go crua agus a chuid deiseanna a thapú freisin. Cinntítear in áiteanna mar Cassidy's Bar/Siopa Leabhar Chapters/Lárionad Scríbhneoirí/Réamhrá Éigse Éireann (Poetry Ireland Introductions) go bhfuil áit agus spás do chách sa saol liteartha. Tá méid mór scríbhneoirí a bhfuil sárchumas acu, agus bua na ceirde acu, ag obair i mBaile Átha Cliath i láthair na huaire."

Nóta faoin Údar: Is file, scríbhneoir ficsin, iriseoir agus teagascóir sa scríbhneoireacht chruthaitheach í Eileen Casey as Co. Uíbh Fhailí ach a bhfuil cónaí uirthi i dTamhlacht ó dheireadh na 1970í. D’fhoilsigh New Island an chéad chnuasach filíochta dá cuid Drinking the Colour Blue. Scríobhann sí go minic in iriseáin agus in irisí liteartha.

 

ar ais go barr


 

Sam Stone Hameed

"Oscail Your Mind, Do Smaointe Cuir líne, Déan Réaltacht Them I Cathair Iomlán Focail".

"Tá cuid Scríofa Fadó, Eile Jotted Fós ar Nótaí, Fiú Ó Teangacha Far thar lear".

"Ná Ach an bhfuil dearmad déanta Sa Chathair Bhaile Átha Cliath Glaoigh orainn".

"Ná O rumbling aigne, Comhroinn Do Focail, Mar sin, An Chathair Of Litríocht An féidir Inis An saol"!

Nóta faoin Údar: Rugadh Sam Stone Hameed i Luimneach, agus tá sé ag scríobh a chuimhní cinn faoina shaol i láthair na huaire, faoi bheith ag fás aníos in Éirinn agus an creideamh dian Ioslamach go láidir le linn a óige, agus níos déanaí an chaoi ar thug sé cúl dá chreideamh agus dá chultúr le bheith in éineacht le bean Éireannach a bhfuil an-chion aige uirthi i gcónaí agus é ina chónaí léi i gCo. Chill Dara.

 

Anna Heussaff
Cathair ilchultúrtha is ea Baile Átha Cliath, agus tá sruth na Gaeilge ar cheann de na sruthanna liteartha a shnigh riamh anall isteach sa Dubh Linn. Scríobh Myles na gCopaleen agus Brendan Behan clasaicí Gaeilge agus Béarla araon; chaith Caitlín Maude, Breándán  Ó hEithir agus scríbhneoirí cáiliúla eile a fáisceadh as an nGaeltacht seal fada dá saol cruthaitheach san ardchathair; agus is amhlaidh an éagsúlacht i measc phobal scríbhneoirí an lae inniu.
Más obair aonarach an scríobh, tá comhluadar fuinniúil liteartha ar fáil i mBaile Átha Cliath, ag ócáidí seolta, léamhanna, féilte is eile – a oiread imeachtaí Gaeilge, gan trácht ar Bhéarla, nach scríobhfainn féin leabhar go brách dá ndéanfainn freastal ar a leath acu. Is Bleá Cliathach dhá-theangach mé agus is breá liom an cothú samhlaíochta a thugann an chathair dom sa dá theanga.
Nóta faoin údar:  Is úrscéalaí í Anna Heussaff a tógadh i mBaile Átha Cliath. Foilsíodh dhá úrscéal bleachtaireachta léi, Bás Tobann agus Buille Marfach, agus dhá úrscéal do léitheoirí óga, Vortex agus Hóng, mar aon le scéal grá d’fhoghlaimeoirí Gaeilge, Cúpla Focal.

 

Edwin Kelly

"Tá Lárionad Scríbhneoirí, agus dhá chlár scríbhneoireachta iarchéime i mBaile Átha Cliath i láthair na huaire, chomh maith le réimse seisiúin micreafón-oscailte a bhfuil borradh faoi agus go leor leor féilte liteartha. Is iomaí deis atá ann bualadh le scríbhneoirí atá ar aon intinn leat (agus, níos tábhachtaí fós, scríbhneoirí nach bhfuil!)...má bhíonn tú ag caint le haon duine faoi fhilíocht, úrscéalta, nó scéalta agus ag caint faoi níos mó ná díreach taitneamh a bhaint astu, tá tú féin chomh báite sa litríocht is atá siadsan."

Nóta faoin Údar: Is scríbhneoir é Edwin Kelly atá ag maireachtáil i mBaile Átha Cliath. Tá MA ar bun aige i láthair na huaire sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach sa Choláiste Ollscoile Baile Átha Cliath, agus é ag díriú ar an bhfilíocht mar chuid dá thráchtas. Foilseofar rogha dá shaothar go luath i nDíolaim Scríbhneoireachta Cruthaithí COBÁC Platform 14.

 

Biddy Jenkinson
Boladh na Cathrach
Bhfuil boladh Átha Cliath anallód ar mo scéalta bleachtaireachta?
Agus an taoide tráite, leathadh boladh ruibhe trí lár na cathrach ón Life.(Agus da mbeifeá gar d'úirinéal cois cé, bhíodh nóta ard géar sa breis ann.  I nDumhach Thrá d'aimseofá gaineamh dubh chomh bréan le huibheacha lofa, taobh thíos den ngaineamh mín. Boladh na noibreacha gáis, boladh an taisceadán gáis. Boladh aráin ó Bolands.  Sna Saoirsí bhíodh boladh muc ó chlósanna ag tús na seascaidí. Dheineadh 'Keeffes the Knackers'  an t-aer a bhréanadh agus iad ag déanamh gliú de chrúba, d'adharca, de chnámha. Anseo is ansiúd bhíodh seamlas, boladh an bháis uaidh, fuil agus uisce ag sileadh faoi'n ngeata amach ar gháitéar na sráide. Boladh leannlusa ó ghrúdlann Mhic Aonghusa. Boladh brioscaí ó 'Jacobs'. Anáil na tuaithe ó chapall an ghuail. Inneall  gaile ag Rae an Iarthair istoíche: gal, gleo, deatach, miotal te, tine. Sráid an Mhúraigh lena bholadhghréasán: éisc, glasraí, torthaí, éinfheoil....úr nó geall leis. 'Get the last of the Cheekie Charlies!' Ceo na Samhna, deatach na cathrach anuas orainn, é glasbhuí, smugach. Tearra á théamh don bhóthar. Boladh artola ó Brittain's. Pónairí caife á róstáil i bhfuinneog Bewleys. Boladh Woolworths : Muguet du Bois, Stablonde Shampoo,Eau de Cologne,  Clover drops... Rós i bhFaiche Stiofáin. Blush Noisette i ngairdíní. Lá saoire sa Zoo: boladh rí láidir na león i dteach na leon agus boladh tréan na moncaithe sa teach acu féin.    Boladh éitir in ospidéil. Boladh fomaildéid ó gheata Sr. Haiste U.C.D.                   
Agus le túisiú a dhéanamh ar an iomlán, cumhracht túise ag beannacht na Naomshacraiminte.

 

Claire Kilroy

"Is mór an difear a rinne sé dom fás aníos i mBaile Átha Cliath gar do mhórscríbhneoirí de bhrí go raibh sé níos réadúla dá bhrí sin agam dul i mbun na scríbhneoireachta mé féin. Bhí an scríbhneoir ab fhearr liom ina chónaí síos an bóthar uaim."

Nóta faoin Údar: Rugadh Claire Kilroy i mBaile Átha Cliath in 1973 agus tá cónaí uirthi ann fós. Tá trí úrscéal scríofa aici: Bhain a céad úrscéal All Summer (Faber and Faber 2003). Duais Rooney 2004 do Litríocht na hÉireann amach agus cuireadh ar an ngearrliosta é do Dhámhachtain 2004 Kerry Group d’Fhicsean na hÉireann. Scríobh sí an dara húrscéal in 2006 agus cuireadh ar an ngearrliosta é d’Úrscéal Éireannach na Bliana 2007 Hughes and Hughes. Foilsíodh an t-úrscéal is déanaí dá cuid All Names have been changed, atá suite i mBaile Átha Cliath i lár na 1980í in 2009.

Eamonn Lynskey

"Níl aon teorainn leis an méid ar féidir scríobh faoi ach ar ndóigh scríobhann duine faoin rud is mó atá ar eolas aige agus, toisc gur as Baile Átha Cliath mise, ciallaíonn sé sin go scríobhaim faoi mo chathair féin go minic. An t-aon deacracht atá leis sin, ná nach díreach Baile Átha Cliath amháin atá ar intinn agamsa ach na leaganacha éagsúla ar fad den chathair is eol dom ó bhí mé i mo ghasúr go dtí an lá atá inniu ann. De réir mar a dhéanaim iarracht díriú ar dhearcadh foriomlán, iarrann gach réimse de ‘Bhaile Átha Cliath’ atá i m’intinn go n-éistfí leosan, agus iad ag díbirt na gcinn eile... Cuirim féin béim ar mo thaithí phearsanta féin, agus mé ag súil go ndéanfaidh an méid a scríobhaim uiliú air féin i ngníomh na scríbhneoireachta, cosúil le saothar filí eile mar an scríbhneoir clúiteach as an Iodáil Umberto Saba a scríobh píosaí den scoth faoi Trieste a raibh cion mór aige air."

Nóta faoin Údar: Rugadh an file Eamonn Lynskey i mBaile Átha Cliath in 1948.  Tá a chuid filíochta foilsithe i bhfad is i gcéin ó chonacthas den chéad uair í sna 1980í ar an leathanach do ‘Nua-Scríbhneoireacht na hÉireann/New Irish Writing’ san Irish Press arna chur in eagar ag David Marcus. D’fhoilsigh Lapwing (Béal Feirste) an chéad chnuasach dá chuid in 1998 agus d’fhoilsigh Seven Towers an dara cnuasach uaidh 'And Suddenly the Sun Again’ le déanaí (Meitheamh 2010). Ainmníodh é do dhámhachtain Hennessy / Sunday Tribune in 2006. Tá a chuid filíochta léirithe go forleathan aige agus tugann sé tacaíocht mhór don mhicreafón oscailte i mBaile Átha Cliath, Londain agus in áiteanna eile.

 

ar ais go barr


 

Thom Moore

"Ní thugtar aon chuntas riamh ar cad a shíleann an scríbhneoir atá ar bun aige: bíonn cuntas ar conas a théann an méid a dhéanann sé i gcion ar dhaoine eile. Sampla amháin de seo ná saothar an mhórfhile Patrick Kavanagh i gcomparáid, déarfaimis, lena chomhghleacaí, Brian O'Nolan [nó Flann O’Brien mar is fearr aithne air]. Bhain an bheirt acu stádas iontach amach, ar annamh go mbaintear amach é i measc mhuintir Bhaile Átha Cliath a bhí ag léamh, chomh maith le stádas a bhaint amach i measc lucht leanúna na litríochta ar fud an domhain mhóir; chuir an bheirt acu formhór dá saothar ar fáil i mBaile Átha Cliath, agus faoi thionchar Bhaile Átha Cliath."

Nóta faoin Údar: Is aistritheoir, scríbhneoir amhrán agus file é Thom Moore. Is saoránach Éireannach é Thom, cé nár rugadh in Éirinn é, agus is é Baile Átha Cliath a bhaile dar leis, de bhrí go bhfuil cónaí air anseo ó 1995 i leith.

Tom Myp

"An chathair mar mhaighnéad: cé a chónaigh anseo agus atá ina chónaí anseo? Cé a scríobh anseo agus cé atá ag scríobh anseo? Cé a léann an méid a scríobh siad agus atá á scríobh acu ... agus cén fáth? An chéad cheist is fiú a chur ná cibé an bhfuil aon difríocht i ndáiríre idir Baile Átha Cliath na linne seo agus na huaire sin (i dtéarmaí litríochta ar a laghad ar bith). An chéad fhreagra ceart: ar ndóigh tá difríocht eatarthu. Is léireasc an méid a fheiceann tú ar ndóigh: níl aon chathair díreach mar a bhí an uair sin. Ach arís ar ais, má tá tú i do chónaí i gcathair, athraíonn tú in éineacht léi i gcéimeanna, fiú mura dtarlaíonn sé ag an am céanna."

Nóta faoin Údar: Is file agus ceoltóir é Tom Myp a tháinig go hÉirinn as an Rúis lena bhean chéile agus a leasmhac i lár na 1990í; tá cónaí orthu riamh ó shin i mbruachbhaile Bhaile Átha Cliath i dTamhlacht, áit a mbíonn Tom páirteach i gcúrsaí liteartha agus filíochta. I measc a chuid éachtaí le déanaí anuas cuireadh san áireamh é sa díolaim Landing Places faoi fhilí imirceacha; agus tá suim mhór i gcónaí aige i bhfilíocht agus in aistriúchán filíochta mar chaitheamh aimsire.

Nuala Ní Chonchúir

"Cé is moite de na scríbhneoirí fir is eol dúinn go léir, ba i mBaile Átha Cliath a rugadh Jennifer Johnston a raibh cáil mhór uirthi, agus Nuala Ó Faoláin nach féidir a sárú a fháil, agus an file den scoth, Eavan Boland, agus daoine nach iad. Mar scríbhneoir as Baile Átha Cliath, is foinsí inspioráide dom de shíor an chathair agus an contae. Is cathair den scoth í a chuireann fáilte roimh scríbhneoirí an ama atá caite agus an lae inniu, rud is léir ón bpobal ollmhór scríbhneoireachta sa chathair agus na féilte liteartha ar fad a bhíonn ar siúl inti.”

Nóta faoin Údar:  Is i mBaile Átha Cliath a rugadh an file agus an scríbhneoir ficsin lánaimseartha Nuala Ní Chonchúir in 1970. Tá trí chnuasach gearrscéalta foilsithe aici lena n-áirítear The wind across the grass (Arlen House 2004); To the World of Men, Welcome (Arlen House 2005) agus Nude (Salt publishing 2009), trí bhailiúchán filíochta - ceann i ndíolaim. In 2010 d’fhoilsigh New Island an chéad úrscéal léi, You, atá suite i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1980.

Annemarie Ní Churreáin

"Is áit iontach é Baile Átha Cliath do scríbhneoirí. Bím ar bís faoi i gcónaí. Tá an chathair sách mór leis an tsamhlaíocht a spreagadh le nithe neamhaithnide agus sách beag leis na sonraí is mine agus is iontaí a insint faoin saol ó lá go lá. Is féidir an lorgán radhairc a choigeartú. Is breá liom siúl gar d’Ardeaglais Chríost maidin Dé Domhnaigh nuair a bhíonn an clog ag bualadh. Tar éis na siúlóidí sin, fillim ar an scríbhneoireacht agus rithim nua agam agus m’intinn níos soiléire."

Nóta faoin Údar: Is as Dún na nGall ó dhúchas í Annemarie Ní Churreáin agus tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath anois. Scríobhann sí filíocht agus gearrscéalta. Tá a cuid scríbhneoireachta foilsithe in iriseáin in Éirinn agus thar lear. Tá a saothar, le déanaí anuas, le feiceáil sa díolaim 'Leave Us Some Unreality'.  Tá Annemarie i mbun M.Phil in Ionad Oscar Wilde i gColáiste na Tríonóide Baile Átha Cliath, áit a bhfuil bailchríoch á cur aici ar a céad chnuasach filíochta.

 

ar ais go barr


 

Ita O'Driscoll

"Tá pobal mór scríbhneoirí i mBaile Átha Cliath faoi láthair. Mar ghníomhaire liteartha, tá mo bhosca isteach ag dul thar maoil le hábhar ó scríbhneoirí Éireannacha atá ag iarraidh a saothar a fhoilsiú agus atá de shíor ag iarraidh caighdeán a bhaint amach lena gcuid scríbhneoireachta a fhágfaidh go mbeidh fáil ag an bpobal ar a saothar. Éiríonn thar cionn le scríbhneoirí na hÉireann sa mhargadh leabhar ar fiú na milliúin punt (dollar/euro) é, margadh a spreagann daoine aonair, a bhíonn ina suí ag scríobh astu féin."
Nóta:  Is gníomhaire liteartha í Ita O’Driscoll.

 

Joan Power

"Tráth ar thosaigh mé ag scríobh agus mé sna caogaidí tosaigh, tháinig mé ar rud éigin bríomhar a leanann air ag fás... ní díreach focail a aimsím san eangach seo agam. Tá daoine i gceist freisin, daoine atá cumtha agus daoine sa saol i ndáiríre, muintir Bhaile Átha Cliath atá beo agus atá imithe ar shlí na fírinne... Is é mo thuras mo bhaoite agus mo bhunábhar, cosúil leis na cloicheáin mór le rá sin as Bá Bhaile Átha Cliath... Agus é ar fad anseo i gCathair Bhaile Átha Cliath. Tá sé le fáil i ngrúpaí scríbhneoireachta cruthaithí, sa Lárionad Scríbhneoirí den scoth atá againn, i seisiúin scríbhneoireachta drámaí agus in amharclanna, i léamha filíochta, i leabhair, i gcairdis, i dturais le chéile agus, ar ndóigh, san ealaín sin a bhaineann lenár ngnáthshaol. As ucht Dé ort, ba scríbhneoir a bhí ionamsa riamh agus táim in ann é a dhéanamh anois, ag an aois seo, i m’áit féin, i mBaile Átha Cliath liteartha atá gar do mo chroí. "


Nóta faoin Údar: Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas Joan Power, agus is gearrscéalta is mó a scríobhann sí, chomh maith le ficsean agus roinnt filíochta. Tá gearrscéalta/píosaí i ndíolaim foilsithe aici agus bhí dán léi freisin in Night and Day le Dermot Bolger. Tá sí ag obair ar úrscéal i láthair na huaire. Tá cónaí uirthi i mBaile Átha Cliath lena fear céile Jim.

Oran Ryan
"Faigheann mo chuid úrscéalta agus mo chuid dánta go léir inspioráid ó Bhaile Átha Cliath nó tá siad fite fuaite nó suite ann. Dar liom gur áit é a bhfuil iontas ollmhór le déanamh de agus áit óna bhfaighim inspioráid mhór i gcónaí. Leis an lear mór reacaireachtaí, micreafón oscailte, agus áiteanna liteartha stairiúla agus comhaimseartha sa chathair, níl aon easpa struchtúr tacaíochta do scríbhneoirí agus d’fhilí araon. Cuireann Baile Átha Cliath uafás, tugann sé inspioráid agus déanann sé gach rud a scríobhaim a thathant. Is aoibhinn liom an áit. "

Nóta faoin Údar: Rugadh Oran Ryan i mBaile Átha Cliath agus tá cónaí air ann. Tá dhá úrscéal foilsithe ag Oran:The Death of Finn (Baile Átha Cliath, Seven Towers, 2006); agus Ten Short Novels by Arthur Kruger (Seven Towers, 2006), agus tá dánta, gearrscéalta agus ailt léirmheastacha liteartha foilsithe aige freisin.
Evelyn Walsh

Maidir le bheith mar Mhamaí mheánaosta as Baile Átha Cliath (a bhíonn ag scríobh dála an scéil).

Nuair a bhí mé dhá scór bliain d’aois shocraigh mé cad ab fhearr dom a dhéanamh le mo shaol... D’fhreastail mé ar rang sa scríbhneoireacht chruthaitheach a bhí á reáchtáil ag an gcoiste gairmoideachais áitiúil agus d’athmhúscail an teagascóir an tsuim a bhí agam san fhocal scríofa... Rinne mé trí chúrsa eile i ndiaidh an chúrsa sin sa Lárionad Scríbhneoirí i gCearnóg Parnell. Chas mé le cairde den scoth agus chuaigh mé isteach i ngrúpaí scríbhneoirí éagsúla. Rinne mé go leor leor léitheoireachta agus go leor leor scríbhneoireachta... agus tá na focail agus na scéalta sin a bhí greanta domhain i m’intinn ar feadh na mblianta fada le feiceáil ag cách anois. Bhí sé ar nós mar a bhrisfeadh damba amach, nó maidhm mhór... Bhí sé de bhua agam carachtair a thabhairt ar an saol, beocht a chur iontu féin agus a gcuid scéalta ar an leathanach. Tugann sé seo cumhacht dom ar lámh amháin agus cruthaíonn sé umhlaíocht ionam ar an lámh eile. Mar tá ‘rud’ de mo chuid féin aimsithe agamsa, rud ar féidir liom a bheith sáite ann gach lá go bhfaighidh mé bás. Táim fíor-bhuíoch go bhfuil a leithéid de rud agam."

Nóta faoin Údar: Tá cónaí ar Evelyn Walsh i Sord, Co. Bhaile Átha Cliath agus is ann a oibríonn sí freisin. Chuaigh sí i mbun na scríbhneoireachta in 2004 agus tá sí ina ball de Ghrúpa Scríbhneoirí Shiúlán na Manach agus de Scríbhneoirí Shoird. Tá úrscéal amháin do dhaoine fásta curtha i gcrích ag Evelyn, chomh maith le dhá úrscéal do leanaí agus tá sí ag obair ar an dara húrscéal do dhaoine fásta. Níor foilsíodh aon cheann díobh seo go fóill. Ainmníodh í do Dhámhachtain Hennessey as an gCéad Saothar Ficsin in 2007 as a scéal 'The Lump’ a foilsíodh sa Sunday Tribune. Is í Evelyn scáthscríbhneoir 'His Name Is Rebecca', cuimhní cinn Rebecca De Havalland a fhoilseoidh Poolbeg Press i Meán Fómhair.

 

ar ais go barr


 

Geraldine Walsh

"Ní dóigh liom gur thuig mo mháthair cén tionchar a bheadh aici nuair a dúirt sí, ”Scríobh scéilín beag," nuair a bhí mé ocht mbliana d’aois agus gan dada níos fearr le déanamh agam... Músclaíodh samhlaíocht ionam a d’éalaigh uaim chomh tapa is nach raibh sé d’acmhainn agam smaoineamh ar cad a bhí ag tarlú dom. Ní raibh deireadh ar bith leis na scéalta agus ansin thosaigh mé ar an bhfilíocht agus níorbh fhada agus go raibh na smaointe ag teacht liom ar bhealach draíochta nárbh fhéidir a mhaolú... sin mar a tharlaíonn le scríobh den pheann agus sa chomhrá, téann siad ar fud na háite."

Nóta faoin Údar: Rugadh Geraldine Walsh i mBaile Átha Cliath, agus scríobhann sí filíocht, gearrscéalta agus splancfhicsean. Foilsítear a saothar in iriseáin liteartha éagsúla chlóbhuailte agus ar líne agus tháinig sí sa dara háit i nDuais Fish Publishing One Page Prize 2009 agus fuair sí Moladh Mór do Dhuais Filíochta Yeovil 2009. Is í a bhunaigh Scríbhneoirí Shoird, grúpa scríbhneoireachta cruthaithí atá bunaithe san áit agus tá sí ar tí bailchríoch a chur ar a céad úrscéal.

Mia Gallagher

Táim tar éis a bheith i mo chónaí i mBaile Átha Cliath ar feadh mo shaoil, seachas na blianta a chaith mé sa Ghearmáin nuair a bhí mé i mo dhéagóir. Le linn na tréimhse sin, táim tar éis an chathair a fheiceáil faoi bhláth agus ag feo de réir mar a d’athraigh ádh na tíre. Tá sí tar éis athrú ó roinnt sráidbhailte garpharóisteacha ina mórchathair iltíreach lán den bheocht atá ar aon dul le haon chathair eile san Eoraip.

Anois agus an géarchor chun donais seo ag dul i bhfeidhm uirthi, tá sí cosúil le bean atá ag dúiseacht tar éis a bheith ar an drabhlás agus í ag iarraidh a chuimhneamh céard sa diabhal a tharla an oíche roimhe.

Bíonn sé deacair déileáil leis an athrú agus leis an neamhchinnteacht in amanna ach is údar spreagtha iad chomh maith; is féidir leo léargas a thabhairt ar an saol agus daoine a chur i mbarr a maitheasa nó in umar na haimléise araon. Is iadsan na rudaí a bhfuil suim agam iontu mar scríbhneoir; ní féidir liom aon áit níos fearr ná níos beoga a shamhlú mar m’áit chónaithe ná m’áit oibre.

Maidir leis an Údar: Is í Mia Gallaghar an scríbhneoir cónaithe in Oifig Ealaíon Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire/Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin i láthair na huaire. Cuireadh a saothar amharclannaíochta i láthair in Éirinn agus ar fud fad na hEorpa agus foilsíodh gearrscéalta dá cuid sa Ríocht Aontaithe, i Stáit Aontaithe Mheiriceá agus in Éirinn. Bhí sí curtha ar an ngearrliosta le haghaidh Ghradam Hennessey agus bhuaigh sí Gradam START d’Fhinscéalta in 2005.

Bhuaigh a céad úrscéal ‘HellFire’, arna fhoilsiú ag Penguin Éireann in 2006, Gradam Liteartha Bhean na Bliana 2007 de chuid an Irish Tatler.

 

 

  

 

Mia Gallagher is current writer-in-residence in IADT/DLR Arts Office. Her theatre work has been performed in Ireland and across Europe while her short fiction has been published in the UK, the US and Ireland, shortlisted for a Hennessey Award and won the 2005 START fiction prize.

Her debut novel ‘HellFire’, published in 2006 by Penguin Ireland, won the Irish Tatler Women of the Year Literary Award 2007
 
 

Stay Social With Dublin UNESCO

facebook_pngtwitteryoutube

failte_footer3
COPYRIGHT NOTICE PRIVACY POLICY ACCESSIBILITY STATEMENT
  • Increase font size
  • Default font size
  • Decrease font size