Skip to main content

Oidhreacht Teangeolaíochta

Ba í an Ghaeilge an teanga dhúchais go dtí teacht na nAngla-Normannach sa dara haois déag, agus níor baineadh leas as an mBéarla go forleathan go dtí na scéimeanna coilínithe a chuir na Sasanaigh i bhfeidhm ní ba dhéanaí.

Faoin 19ú haois, mheas go leor daoine gur chomharthaí iad an Ghaeilge agus gnéithe eile de chultúr na hÉireann go raibh cúlántacht, cliseadh agus meath ag baint leis an daonra dúchasach. Is i mBéarla a reáchtáladh iarracht Dhónaill Uí Chonaill fuascailt a bhaint amach don daonra Caitliceach, agus d’úsáid an córas nua bunscoileanna náisiúnta an Béarla freisin mar an teanga theagaisc. Léiríodh galldú an oileáin sa chéad togra léarscáilithe de chuid an tsuirbhé ordanáis ar thug Rialtas na Breataine faoi arbh i mBéarla a tugadh logainmneacha an oileáin ar fad ann 

Níor imigh an Ghaeilge i léig go hiomlán mar sin féin. I dtreo dheireadh an 19ú haois thug roinnt gluaiseachtaí cultúrtha, Athbheochan Liteartha Éireann agus Athbheochan na Gaeilge ina measc, tacaíocht don ghluaiseacht i dtreo an neamhspleáchais pholaitiúil. Bhunaigh Dubhghlas de hÍde Conradh na Gaeilge in 1893 agus d’fhéach an Conradh leis an nGaeilge a athbhunú mar theanga bheo freisin.

Tugadh stádas don Ghaeilge arís mar chéad teanga na tíre nuair a bunaíodh Saorstát Éireann in 1922, agus tá an Ghaeilge ag dul i dtreise i measc an phobail ó shin i leith. Déanann gach leanbh scoile staidéar ar an nGaeilge. Tá méadú tagtha ar an líon scoileanna lán-Ghaeilge freisin de réir mar a roghnaíonn líon níos mó tuismitheoirí a gclann a thógáil go dátheangach. Tá leibhéil éagsúla dátheangachais i measc an phobail, agus tugann an tAontas Eorpach aitheantas anois don Ghaeilge mar cheann de theangacha oifigiúla na tíre. Bíonn gnó an rialtais agus an gnó i réimse an dlí á dhéanamh i nGaeilge agus i mBéarla araon, agus úsáidtear an leagan Gaeilge den ainm chun tagairt d’fhormhór na n-oifigí rialtais, na gcomhlachtaí agus na n-eagraíochtaí stáit.

Cliceáil anseo chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir le cúrsaí scríbhneoireachta i nGaeilge.

Do thuilleadh eolais ar scríbhneoireacht na Gaeilge, gliogáil anseo le do thoil. Alt leis an Ollamh Alan Titley, Ollamh le Nua-Ghaeilge, An Coláiste Ollscoile, Corcaigh.