
Is é Eoin P. Ó Murchú iontráil Bhaile Átha Cliath do Slamovision 2026

Roghnaíodh Eoin P. Ó Murchú mar iontráil Bhaile Átha Cliath do Slamovision 2026, slam filíochta domhanda, tar éis dó an bua a fháil lena léiriú i mbabhta ceannais áitiúil Bhaile Átha Cliath a reáchtáladh ar an 20 Bealtaine mar chuid d’Fhéile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath.
Seoladh Slamovision den chéad uair in 2019 mar chomórtas idirnáisiúnta filíochta ó bhéal a nascann Cathracha Litríochta UNESCO le chéile ar fud an domhain. Dála fhormáid Eurovision, téann cathracha in iomaíocht trí léirithe filíochta, agus scoth-oirfidigh gach ceantair á gcur i láthair acu ar an stáitse idirnáisiúnta.
Cormac Mac Gearailt a d’óstáil babhta ceannais Bhaile Átha Cliath, a raibh an comórtas buaite aige in 2024 mar an chéad iontráil sa chathair a rinne a léiriú as Gaeilge. Bhí léiriú ceoil ar an oíche freisin leis an ealaíontóir dátheangach Amano as Ciarraí.
Thug ochtar filí a dtaispeántas as Gaeilge le linn na hoíche a d’eagraigh Rising Tide, ach is é Ó Murchú a thug craobh na bliana leis. Scríbhneoir, file agus aistritheoir é Eoin a thug taispeántais ag imeachtaí filíochta ar fud na tíre. Tá a chuid scríbhneoireachta foilsithe in Éigse Éireann agus An Dearcán agus tá a shaothar le feiceáil ar YouTube freisin.
Guímid gach rath ar Eoin agus é ag dul ar aghaidh chun ionadaíocht a dhéanamh do Bhaile Átha Cliath i mbabhta ceannais idirnáisiúnta Slamovision i gCathair Iowa, Cathair Litríochta UNESCO, níos déanaí i mbliana.
Eoin P. Ó Murchú is Dublin’s Slamovision 2026 Entry
Eoin P. Ó Murchú has been selected as Dublin’s 2026 entry for Slamovision, a global poetry slam, following a winning performance at the Dublin local final held on 20th May as part of the International Literature Festival Dublin.
First launched in 2019, Slamovision is an international spoken word contest connecting UNESCO Cities of Literature around the world. In a format similar to Eurovision, cities compete through poetry performances, showcasing local talent on an international stage.
The Dublin final was hosted by Cormac Mac Gearailt, who previously won the competition in 2024 with the city’s first entry performed as Gaeilge. The evening also featured a musical performance by Kerry-based bilingual artist Amano.
Organised by Rising Tide, the evening brought together eight poets performing as Gaeilge, with Ó Murchú emerging as this year’s champion. Eoin is a writer, poet, and translator who has performed at poetry events around the country. His writing has been published in Poetry Ireland and An Dearcán, and his work can also be found on YouTube.
We wish Eoin the very best as he goes on to represent Dublin at the international Slamovision final in Iowa City UNESCO City of Literature later this year.
Read, Watch, Listen


4th Annual Dublin UNESCO City of Literature Lecture



